Gaois

gan (aon) dá chuid a dhéanamh dá dhícheall

Semi-idiom

Headwords

cuid, dhá, dícheall, déan

Description

Leathiarracht a dhéanamh.

Corpus examples

  • "Ní fhéadfá é," arsa Tadhg. "D'fhéadfainn," arsa Micheál. "Ná déin aon dá chuid ded' dhícheal," arsa Tadhg.

  • Aodh D. – Eírig as, a Dhalláin. Ní bhfaighir ar sgiath. Dallán. – Aoírfadsa thusa. Aodh D. - Ná déin aon dá chuid de d'dhíthchioll. Tá cómhachta Dé agus na naomh liom ad choinnibh, ó dhéin Colum Cille an tsíothcháin idir sibhse, aoís ealadhan Éirean, agus sinne, ríghthe Éirean.

  • D'inis sé do gach aoinne cad é an tarcuisne a tugadh dó i gCeann Cora, conus mar a caitheadh Gleann Mháma ins na súilibh air féin agus ar Laighneachaibh, agus conus mar adúbhairt Murchadh, mac Bhriain, leis féin agus leis na Laighneachaibh gan aon dá chuid a dhéanamh d'á ndícheal.

Usage

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Additional examples