Gaois

lán a chroí (de)

Semi-idiom

Headwords

croí, lán

Description

Treise an mhothúcháin a chur in iúl.

Corpus examples

  • Tar éis bhriseadh Chionntsáile, bíodh gur ag na Gallaibh a bhí an buadh, bhí lán a gcroídhe d'eagla acu roimis na Gaedhlaibh.

  • Bhí lán a chroidhe de sgannra ar an uile dhuine acu aon fhocal do labhairt i gcoinnibh na h-oibre le h-eagla gur bh'as a thigh féin a bainfí an tsail úd, agus gur bh'é féin a tárnálfí uirthi.

  • D'athruigh an bhuaidhirt láithreach, agus bhí lán a chroidhe d'áthas ar gach aoinne: ach ní raibh aon teora le n-ar deineadh de mhagadh fé Laoghaire mar gheall ar an sgeon a ghlac sé, agus mar gheall ar an rith adhein sé le n'anam, agus go mór mór mar gheall ar a leithéid de sgannradh theacht air ná feidir sé cé'cu beo nó marbh a bhí an bheirt eile.

Usage

Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le roinnt ainmfhocal eile: ceann, súil.

Cross-references

Additional examples