Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
ag crith ina chraiceann
Figurative idiom
Headwords: crith, craiceann
Description:
Scanradh nó an-fhaitíos a bheith ar dhuine.
Corpus examples
Annsan do chonnacadar Iorusán féin, agus ní misde a rádh ná gur chuir an radharc ag crith 'n-a gcroiceann iad.
Source
Guaire I, II
Page
140
Táim deimhnightheach go rabhadar go léir ag crith 'n-a gcroicean le h-eagla go mb'fhéidir go gcuirfeadh Íosa an milleadh ar dhuine éigin acu féin.
Source
Críost Mac Dé (Cuid II)
Page
175
Murab í an obair atá ar siúbhal le deich mblianaibh cad tá ar siúbhal? Cad tá ag cur an sgannra go léir ar uaisleacht bhréagach na h-Éirean? Cad tá ag cur ár seóiníní ag crith 'na gcroicean? Cad tá ag baint codla na h-oídhche de'n bhórd léighinn Gallda so i mB'l'ath'Cliath againn?
Source
Sgothbhualadh I, II
Page
138
Cross-references
an t-anam a bhaint (as)
a chroí agus a ae a chur trína bhéal amach
Extra examples
Bheith ar crith i do chraiceann, to be quaking with fear.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
craiceann
To quake in one's shoes, bheith ar crith i do chraiceann.
Source
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Headword
quake
gaois.ie