Gaois

ar domhan (ar thalamh an domhain)

Figurative idiom

Headwords

domhan, talamh

Description

In aon chor; dá laghad.

Corpus examples

  • Ach cad 'tá againn le rádh leis an nduine a bheidh 'n-a dhiabhal ó ifrean a gan fhios do'n tsaoghal, agus a bheidh 'ghá leigint air os cómhair na poibilidheachta gur naomh é! Ní'l aon dabht ar domhan air ná go raibh daoine de'n tsórd san ameasg na n-Iúdach i n-aimsir ár Slánuightheóra.

  • Do labhair Seancha. "A ríghthe agus a uaisle Uladh," ar seisean, "ní fheicim-se go bhfuil le déanamh agaibh ach an t-aon nídh amháin, 'sé sin, an fear a dhein an tigh do chamadh a iarraidh air a dhíriughadh arís. Mura ndeinidh Cúchulainn an tigh a dhíriughadh ní'l an fear san beo ar thalamh an domhain a dhéanfaidh é dhíriughadh."

  • Chonnaic sé an buille do leag an Biscáiach; agus thuig sé láithreach, i n'aigne, ná raibh an fear san beó ar thalamh an domhain a d'fhéadfadh seasamh os cómhair a mháighstir agus é throid.

Usage

Cuireann 'talamh' béim bhreise ar an nath.

Cross-references

Additional examples