Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
gol an gháire
Semi-idiom
Headwords: gáire, gol
Description:
Gáire a ndíolfar as sa todhchaí.
Corpus examples
Ach "gol an gháire," na pianta a thagann ó thoil a thabhairt dos na mianaibh sin, siniad na neithe a chuireann fhiachaint ar dhaoine fuath a thabhairt do'n tsaoghal agus gráin a bheith acu air.
Source
Aithris ar Chríost
Page
139
Droch-chómharsanacht is eadh bheith ag magadh agus ag fonomhaid fé dhaoine. Ní raibh an rath riamh ar a leithéid. Ná dein-se indiu gáire nách ceart duit a dhéanamh, le heagla go ndéanfá gol an gháire sin amárach.
Source
Aesop a Tháinig go hÉirinn (Cnuasach II)
Page
135
Bhíodar ag gáiridhe nuair a bhíodar ag imtheacht agus mo chléibhín acu. Do réir an fhuadair atá fé Ó Conchubhair anois measaim nách fada go mbeidh gol an gháire sin acu.
Source
An Cleasaidhe
Page
38
Extra examples
Gol an gháire a bhí aige, etc., the cry of [i.e., belonging to] the laugh that he had a week ago. The expression seems to assume a sort of law of compensation, as is every laugh should be balanced sooner or later by tears.
Source
Aesop a Tháinig go h-Éirinn (Cnuasach II) (Ua Laoghaire 1931)
Page
91
Beidh gol an gháire a bhí anuraidh agat (ó ciainibh agat) = Goilfir de mar gheall ar sin fós.
Source
Lámhscríbhinn (Acadamh Ríoga na hÉireann): M055 Cnuasach Focal ó Mhúscraí (Ó Buachalla)
Headword
gol
Beidh gol an gháire a bhí anuraidh agat = atá déanta agat - díolfair as san fós.
Source
Lámhscríbhinn (Acadamh Ríoga na hÉireann): M055 Cnuasach Focal ó Mhúscraí (Ó Buachalla)
Headword
gáire
2. Laugh. Tá gol a ngáire acu anois, the laugh is against them now.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
gáire
Additional explanation
Díol as an spórt - beidh brón ort dá bharr "fileann an feall." Hoist on your own petard.
Go bhfillfeadh sé air féin.
Ní cóir bheith ag magadh fé dhaoine.
Ní fada ón ngáire an gol, leanann gol gáire.
Toradh an gháire, d'iompódh cúrsaí amáireach agus bheadh ábhar goil agat.
An té a bhíonn ag gairí agus ag magadh fé dhuine tá baol ann go mbeidh sé féin ag gol le brón amaireach.
Úsáidtear an nath seo, an gáire, as taitneamh agus toil a bhaint as droch-mhianta an t-saoil agus, an gol, as na pianta, an féin-locht agus an dochar a leanann é.
gaois.ie