Gaois

airgead fola

Semi-idiom

Headwords

airgead, fuil

Description

Airgead a íocann na húdaráis, nó duine eile, mar chúiteamh leis an té a ghabhann coirpeach nó duine ar a theitheadh ó fhórsaí an dlí.

Corpus examples

  • Bhíodh sé ansúd 'n-a measg, sáidhte ins gach cómhairle leó ba dhiamhaire agus ba dhisgréidíghe 'ná 'chéile; a n-ainimneacha go léir curtha síos go Baile Átha Cliath aige agus fiacha a gcod' fola geallta dhó, agus a lán de'n airgead fola 'n-a phóca aige an uair sin féin!

  • B' fhéidir go mbéarfí ort agus go gcurfí isteach i n-asílium tú ar feadh tamail. Ní baoghal go dtuillfadh aoinne airgead fola ort. Donchadh: Ní baoghal. Agus rud eile, ní baoghal go ndéanfinn aon tairbhthe d' Éirinn ná aon díobháil do chómhacht Shasana i n-Éirinn.

  • An t-é a labhair ar an gcuma san, i gcómhnuíghe riamh, isé a thóg airgead na fola chómh luath agus tháinig an t-am chuige. Agus an tarbh úd adúbhart, is tapaidh a rithfadh sé leis féin dá mbéadh tarbh ba threise 'ná é i n-inead na túrtóige.

Additional examples