Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
a dhá dhóthain (ar)
Figurative idiom
Headwords: dhá, dóthain
Description:
Ualach trom; saothar thar mar ba ghá.
Corpus examples
"Cad é sin orm!" arsa Sanchó. "Tá mo dhá dhóithin orm. Trí cinn d'asalaibh breághtha óga a bhí le fághail agam, agus siniad imthighthe iad!"
Source
Don Cíochóte (Cuid II)
Page
252
Cad tá anois ort? Bacachán an eadh? arsa Micil. Tá mo dhá dhóithin orm. Ní rabhais-se sásta t'ainim féin agus ainim t'athar a bheith i mbeul na ndaoine, gan mo mháthairse do tharang isteach i nbhúr ngnó.
Source
Séadna
Page
60
Tadhg: Achaidhe! Airiú cad é seo anois ort? Donchadh: Tá mo dhá dhóithin orm. Cad é an tairbhthe dhúinn go léir beith ' ghár marbhadh féin ag saothru ' na Gaeluinne agus gur geár, do réir an fhuadair atá fé mhuintir na h-Éirean, ag imtheacht 'na sluaighte thar na fargíbh, ná beidh duine de shliocht Gaedhal i n-Éirinn chun na Gaeluinne do labhairt.
Source
Sgothbhualadh I, II
Page
60
Cross-references
muirín a dhá láimh
Extra examples
Tá a dhá dhóthain le déanamh aige, he has his hands full. Tá a seacht ndóthain le rá acu, they talk far too much.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
dóthain
tá a dhóthain aige, he has enough
Source
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Headword
dóthain
He has more than enough, tá a dhá dhóthain, a dhóthain mhór, aige.
Source
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Headword
enough
gaois.ie