Gaois

an dá thrá ag teacht (le)

Figurative idiom

Headwords

dhá, trá, tar

Description

Dílseacht a athrú de réir na gcúinsí.

Corpus examples

  • Seachain tu féin, a Taidhg. "Ní thagan an dá thráig leis an ngobadán," agus ní lúgha 'ná mar a thiocfidh an dá thráig leat-sa. Do cháinis muíntir Corcaíghe anso an lá déanach. Ní raibh focal agat le rádh 'na dtaobh ach an focal ba mheasa a thiocfadh chun do bhéil. Ansan dúbhairt duine éigin leat go raibh an t-airgead ag teacht isteach, agus anois ní'l focal agat le rádh 'na dtaobh ach focal is feár 'ná chéile.

  • Chuir sé teachtaireacht 'ghá hiaraidh ach ba theachtaireacht é nár bh'fholáir diúlta dhó. Diúlta iseadh do theastaigh ó Chonchobhar. Cheap sé go mbeadh an dá thráigh ag teacht leis nuair a bheadh iartha aige agus ná glacfaí é. Is dóich liom go raibh ana-dhúil aici go n-iarfaí í ar chuma 'na bhféadfadh sí é ghlacadh.

Usage

Is féidir comhpháirt amháin (tar) den nath seo a idirmhalartú le briathar eile: tabhair.

Cross-references

Additional examples

  • "Ní thagan an dá thráig leis an ngobadán." The gobadán (a sort of sea-bird) cannot fish the two strands; i.e., the two sides of the estuary. While the gobadán is devouring the fishes at one side those at the other side are escaping, and if he tries to do the two sides he loses time rushing from one side to the other.