Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
ó chraiceann amach
Pure idiom
Headwords: amach, craiceann
Description:
Gach a bhfuil ag duine a thabhairt uaidh.
Corpus examples
Féach! do thabharfidís na súile amach as a gceannaibh, do thabharfidís a bhfuil ó chroicean amach acu ar an saoghal so, agus ba chuma leó cad a dhéanfadh an saoghal eile, ach go bhféadfidís seilbh an dá chúige sin d'fháil agus do chimeád agus sinne do mharbhrú nó do dhíbirt.
Source
Aodh Ruadh (Cuid I)
Page
111
Bhí fhios againn go dian mhaith, dá mbéadh a sheacht n-oiread armála ag muíntir na h-Éirean agus a bhí acu an uair sin, dá mbéadh oiread armála acu, agus oiread saidhbhris, agus oiread nirt slógh, agus go bhféadfidís an ghleic do choimeád ar siúbhal i gcoinnibh Shasana ar feadh fiche blian, go gcaillfeadh Sasana a raibh an tsaoghal aici, ó chroicean amach, go gcaillfeadh sí an croicean féin, go gcaillfeadh sí an t-anam, níba thúisge 'ná mar a leigfeadh sí do mhuintir na h-Éirean an lámh uachtair a dh'fhághail.
Source
Mo Sgéal Féin
Page
164
Do thabharfaidís a bhfuil ó chroiceann amach acu ar an saoghal so.
Source
Notes on Irish Words and Usage
Page
30
Extra examples
Do thabharfaidís a bhfuil ó chroiceann amach acu ar an saoghal so, all they possess in the world.
Source
Notes on Irish Words and Usages (Ua Laoghaire 1926)
Headword
croiceann
Dá mbeadh sé ó chroiceann amach agam [(2) orm?] do thabharfainn duit é = Dá mbeadh sé i n-aon bhall agam gheobhfá é.
Source
Lámhscríbhinn (Acadamh Ríoga na hÉireann): M055 Cnuasach Focal ó Mhúscraí (Ó Buachalla)
Headword
croiceann
bhéarfainn duit é dá mbeadh sé ó chroiceann amach agam (orm), I would give it to you if I had it at all.
Source
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Headword
croiceann
gaois.ie