Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
gaoth an fhocail
Figurative idiom
Headwords: focal, gaoth
Description:
Leid, moladh; is leor nod don eolach.
Corpus examples
Fuair Héród gaoth an fhocail ó dhuine éigin 'ghá innsint dó go raibh an feall déanta ar Phasael agus go rabhthas chuige féin go mear. Bhí mórán saidhbhris aige agus muinntir líonmhar, agus buidhean láidir lucht airm.
Source
Sgéalaidheacht na Macabéach I, II
Page
119
Extra examples
1. (e) Hint, suggestion. gaoth an fhocail a fháil, to get wind of the word. Ní raibh uaidh ach gaoth an fhocail, he only needed the slightest hint.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
gaoth
gaoth an fhocail, a hint, a mere suggestion
Source
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Headword
gaoth
Níor bheag dó gaoth an fhocail. Dá bhfaghadh sé aon bheagán eolais i n-aon chor mar gheall ar an rud, thabharfadh sé tuairim don gcuid eile. "Ní beag nod don eolach."
Source
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Page
26
311. What is this understanding between themselves and Bruadar, a hint of which they are unwilling should reach you? Cad é an sgéal é seo atá idir iad féin agus Bruadar agus nách maith leo aon ghaoth dhe do leigint chughat-sa?
Source
Cruinneas cainnte. Chúig céad abairt ó'n Athair Peadar féin agus a míniú sa Bhéarla (Ó Mahúna 1923)
Page
64
Gaoth an fhocail: ní raibh uaim ach gaoth an fhocail: níorbh aon rud do b'fhearr liom ná...
Source
Lán-chúrsa na Gaeilge (Ó Riain 1952)
Page
45
gaois.ie