Gaois

is cuma leis an domhan

Semi-idiom

Headwords

cuma, domhan

Description

Mar a chéile dó; easpa spéise ag duine i rud.

Corpus examples

  • Ón lá so amach ní tharraiceó ' d-sa claidheamh i gcoinnibh aon duine go deó, maithim anois dóibh go léir é, ó chroidhe; bídís uasal nó íseal, saidhbhir nó bocht. Is cuma liom an domhan cad é an saghas iad!

  • Tá mo smacht-sa chomh daingean san ar Mhacaibh Mághach agus ar na slóightibh atá fútha, agus tá a leithéid sin d'iontaoibh agam asta gur cuma liom an domhan conus a dhéanfaid Ultaigh iad féin d'iomchar annso.

  • Ba chuma le Séadna an domhan cé bhí chuige, ná cá raibh an namhaid, an fhaid a bhí sé ag feuchaint suas uirthi agus ag éisteacht léi, agus a lámh ar a cheann aici, agus mar bhara ar gach áthas gur thuig sé i n-a aigne gur le báigh agus le h-ionmuine agus le grádh dó féin a tháinigh sí ag triall air, agus a thaisbeáin sí í féin dó.

Additional examples