Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
codladh an tsicín sa charn
Pure idiom
Headwords: carn, codladh, sicín
Description:
Codladh fada sámh.
Corpus examples
Dar fiadh, a chailleach, is truagh nách ad chodladh bhís! Nára' fada go dtuitidh do chodladh ort dáiríribh, agus nuair a thuitfhidh ní'l agam-sa le rádh leat ach, "codladh an tsicín sa charn chughat!"
Source
Cómhairle ár Leasa
Page
10
Extra examples
43. 'Colla an tsicín sa charn ort!' Do bhíodh an sicín a' piuca as an gcarn. Ní raibh aon easnamh air; ach i ndeire bárra do shleamhnaigh an carn anuas air: bhí bertha air fé, agus d'fhan ann chun gur múchag é.
Source
Seanchas Amhlaoibh Í Luínse (Ó Cróinín 1980)
Page
344
2. Codladh an tsicín (sa bharrach), an traonaigh, na Caillí Béarra, protracted sleep.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
codladh
Codladh an tsicín sa charn chugat = Codladh an traona chugat. Le codlatánach a deirtear.
Source
Seanfhocail na Mumhan (Ó Siochfhradha 1926)
Page
76
gaois.ie