gan cor (ná lúb) ina chroí
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Duine nach bhfuil cleasach nó glic; gan aon tréithe folaithe ann.
Samplaí corpais
Nách uathbhásach an ara í! Cad é mar fhéadan sí caint agus sult agus gairí dhéanamh, gur dhóich le duine ná fuil cor ná lúb 'n-a croídhe ach oiread leis an leanbh! Do bhuaidh sí ar a bhfeaca riamh! Ní fheadaraís a leath, a Thaidhg.
"Ag magadh athaoín tú, a mháthair!" ar seisean. "Ní h-eadh, a mhic mo chroídhe!" ar sise. "Lom dáiríribh atáim. Ní'l cor 'n-a croídhe ná 'n-a h-aigne ná fuil 'fhios agam."
Chonac ag cur na súl tríom í, agus bhí 'fhios agam go raibh an t-amhsas aici orm, ach d'fheuchas suas uirthi chómh símplídhe, chómh neamhthuairmeach san gur dhóich leat ná raibh cor am chroídhe.
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: aigne.
Samplaí breise
1. (a) Is iomaí cor is lúb ann, it is full of twists and turns; (of person) he is full of wiles. Níl aon chor ina chroí gan fhios dom, I can anticipate his every thought; I know all his tricks.
9. Craft, deceit. Tá lúb ina chroí, he is deceitful at heart. Sionnach na lúibe, the cunning fox. Is iomaí cor is lúb ann, he is a very tricky person. Aithním gach cor is lúb dá bhfuil ann, I am up to all his dodges.
Níl aon chor 'na chroidhe ná fuil a fhios agam, I know every trick of his,