Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
an seanscéal i gcónaí
Figurative idiom
Headwords: scéal, cónaí
Description:
Scéal nó iompar mar is dual; scéal fadálach atá cloiste cheana.
Corpus examples
Ansan tháinig an dlígh; na prísúnaigh; an chúirt; na trialacha; agus - an seana sgéal i gcómhnuighe - an t-informer. Agus cé r' bh' é an t-informer, an dóich leat? Duine des na cinn uraid. Fear go raibh eólus agus fios a ngnóthaí go léir aige!
Source
Mo Sgéal Féin
Page
117
An seana sgéal i gcómhnuidhe, "Divide et impera." Na Rómhánaigh 'ghá dhéanam an uair sin go dtí go raibh an domhan fé smacht acu, agus muinntir Shasana 'ghá dhéanamh anso i n-Éirinn le seacht gcéad blian.
Source
Sgéalaidheacht na Macabéach I, II
Page
56
Innstear, ámhthach, an seana sgéal i gcómhnuidhe, gur shleamhnuigh clann Israéil i leithtaoibh, isteach in sna seana dhroch bhéasaibh, agus gur leog an Tighearna dhóibh tuitim fé smacht na bhPhilistíneach ar feadh dachad blian.
Source
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Page
293
Cross-references
an port (céanna) (ag)
Extra examples
An seana-sgéal i gcómhnaí! The old story always!
Source
Papers on Irish Idiom (Ua Laoghaire 1926)
Page
44
1. Seanscéal is meirg air, a hoary old tale.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
meirg
1. It's the (same) old story, is é an seanscéal arís é.
Source
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Headword
story
gaois.ie