Gaois

clocha ceangailte agus madraí scaoilte

Pure idiom

Headwords

cloch, madra, ceangail, scaoil

Description

Baol ann agus gan aon rud chun cosc a chur leis.

Corpus examples

  • "Tá sé ag cur ar Mhac Uilliam agus ní foláir d'Ó Domhnaill dul agus Mac Uilliam do chosaint air. Sos comhraic ceangailte orainne agus sibh-se 'ghá bhrise! 'Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte.' Ní dhéanfadh san an bheart, a ridire."

  • Níor bh' fhéidir é an fhaid a bhí an éagcóir chómh trom chómh tiubaisteach san nár bh' fhéidir le daoine macánta í dh'fhulang gan iaracht éigin a dhéanamh fé cheilt 'n-a coinnibh, agus ansan, an t-airgead chómh flúirseach ag lucht na h-éagcóra do dhéanamh, chun na breibe thabhairt go fial do'n informer. Ba thruagh an sgéal é! Clocha ceangailte agus madraí sgaoilte! Éagcóir i riocht cirt. An bhréag i riocht na fírinne. Cos-ar-bolg i riocht dlíghe.

Additional examples