Gaois

ar leagadh na súl

Figurative idiom

Headwords

leag, súil

Description

Láithreach bonn; ar an toirt.

Corpus examples

  • Ar leagadh na súl, sin imthighthe an saidhbhreas go léir úd a bailigheadh chómh cruaidh, 'n-a chodaibh beaga, i ndiaidh ar ndiaidh, le leabhraibh éithigh agus le gníomharthaibh gadaidheachta agus eugcóra nár bh'fhéidir a chómhreamh.

  • D'fhan an cat mar a raibh aige go dtí go raibh cuid mhaith acu thíos. Ansan do sgaoil sé uaidh an bacán agus ar leagadh na súl bhí leath-dosaon acu marbh aige.

  • Bhí an t-ubhall san 'na bhéal agus ithte ag Mac Conglinne ar leagadh na súl.

Cross-references

Additional examples