idir an dá shúil
Figurative idiomHeadwords
Description
Ag díriú ar dhuine nó ar rud go lom díreach.
Corpus examples
D'fheuch Mac Conglinne idir an dá shúil air. "Seachain tú féin, a dhuine mhacánta!" ar seisean. "Is caol an rud an dlígh. Ná cuir barra méire orm, nó is duit is measa."
Ní'l aon lá i gcaitheamh na seacht gcéad blian san ná raibh ar a gcumas do mhuintir na h-Éirean, dá dtagaidís go léir ar aon aigne agus bualadh i n-aonfheacht, buille, mar a deirir, do bhualadh idir an dá shúil ar Shasana, buille a dhéanfadh í chur seacht slata i ndiaigh a cúil ar fleasg a droma.
D'féach sé idir an dá shúil orm agus sult ar lasadh 'n-a shúilibh féin. Dar fiadh, a Athair, ach siné an sgéal is greannmhaire d'ár airigheas-sa de sgéaltaibh greannmhara riamh!
Additional examples
1. Amharc idir an dá shúil ar dhuine, to look someone straight in the eye.
2. a. To look someone (full, straight) in the face, in the eyes, féachaint, stánadh, idir an dá shúil ar dhuine.