Gaois

cogadh dearg

Figurative idiom

Headwords

cogadh, dearg

Description

Troid fhíochmhar.

Corpus examples

  • Má thugan Brian aon chluas do chómhairle na n-uasal san aireófar láithreach é ar fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde Mh'lsheachlainn arm. Glacfaid cáirde Bhriain arm. Beidh se 'n-a chogadh dhearg againn.

  • D'á fheabhas aireachas a dhéanfad uirthi, tiocfaidh duine éigin dom' lom deirig aimhdheóna, agus suidhfidh sé inti, agus béidh an dúthaigh 'na chogadh dhearg am' thímpal! Mairbheóchar ar lic mo thínteáin féin mé gan truagh gan taise!

  • Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne acu, agus bhí gach aon deabhramh gur gearr go mbeadh an sgéal 'n-a chogadh dhearg arís acu.

Usage

Is féidir comhpháirt amháin (cogadh) den nath seo a idirmhalartú le roinnt ainmfhocal eile: díoltas, náire, teaspach.

Cross-references

Additional examples