Gaois

amhaoíl amháige

Non-word idiom

Headwords

maoil, mang

Description

Gan fáth gan ábhar; as a stuaim féin.

Corpus examples

  • Ar ball, nuair a bhí rud ithte ag Pádraig agus braon eile fíona ólta aige, dúbhairt Micil, a-bhaíle-bháige dhó féin, mar 'dheadh: "A Phádraig," ar seisean, "nár bh'uathbhásach an ceól é siúd a bhí aréir againn!"

Additional examples

  • Ar seachrán, wandering aimlessly. There is another expression which is somewhat like this in sense. It is pronounced amhaoíl amháige. I have never been able to find it in a book.

  • As mhaoil an mháigh amach adubhairt sé é. Ní raibh aon choinne ag aoinne go ndéarfadh sé é. Dubhairt sé go h-obann an rud, gan smaoineamh ar cad a bhí le rádh aige, agus chuir an chainnt iongnadh ar na daoinibh.