Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
fuil a dhoirteadh
Figurative idiom
Headwords: fuil, doirt
Description:
Duine a mharú, a ghortú le foréigean.
Corpus examples
Na taoisigh Ghaedhlacha agus na slóighte Gaedhlacha ba cheart a bheith i gcoinnibh na nGall, sin iad agat iad ag déanamh a ndíthil chun na nGaedhal do chur fé chosaibh na nGall! Tá breis agus trí chéad bilan ó dheineadar súd an t-aimhleas úd. Tá an t-aimhleas céadna dá dhéanamh fós, go dian agus go díthealach; bíodh nách le harm agus le slóighte agus le dortadh fola é.
Source
Aodh Ruadh (Cuid I)
Page
106
Tá díoltas ag an dTighearna 'á dhéanamh ort fé dheire mar gheall ar ar dhoirtis d'fhuil theaghlaigh Shaul.
Source
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Page
444
Laogh. – Is dóic liom gur b'é Reochaidh agus na Muimhnigh is túisge dhoirtfidh fuil.
Source
Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma
Page
229
Extra examples
Fuil a dhoirteadh, a tharraingt, to shed, draw, blood.
Source
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Headword
fuil
To shed, spill, blood, fuil a tharraingt, a dhoirteadh.
Source
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Headword
blood
beidh fuil aca, there will be a fight; doirtfear fuil, blood will be spilt, there be carnage
Source
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Headword
fuil
he was prepared to shed blood for the cause, bhí sé sásta fuil a dhoirteadh ar son na cúise; a lot of blood will be spilled, doirtfear go leor fola, beidh sé ina chogadh dearg
Source
New English-Irish Dictionary (www.focloir.ie)
Headword
blood
gaois.ie