Skip to main content
Ó LAOGHAIRE IDIOM COLLECTIONIdiom listCorpus sourcesAdditional sourcesAbout
ag déanamh a chroídhíchill
Semi-idiom
Headwords: croídhícheall, déan
Description:
Tréaniarracht a dhéanamh.
Corpus examples
Bhí an muintir a bhí sa bhaile ag déanamh a gcroídhe dícheal 'ghá iaraidh ar Dhia iad do thabhairt abhaile slán.
Source
Niamh
Page
276
Is 'mó tigh cluthar compórdach atá sgartáltha ar fuid na h-Éireann acu le fiche bliain, agus is 'mó líntighe chreideamhnach atá curtha acu le fuacht agus le fán, agus iad ar a gcroidhe díthil, ba dhóich le duine, ag lorg an leighis.
Source
Cómhairle ár Leasa
Page
98
Do dhein an Demétrius san a chroidhe díthil chun na nIúdach a chur as an saoghal ar fad, díreach mar a dhein a dhritháir, an t-Antiochus úd a fuair an bás grána, déistineach.
Source
Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha 1,3,4,5,6,7
Page
15
Usage
Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: míle.
Cross-references
ag briseadh a chroí (2)
ag briseadh a gcos
Extra examples
Táim ar mo chroidhe-dichill a' gabháil do = Táim a' gabháil do chomh dian a's is féidir dom é. Do theip ar a chroidhe-dicheall é baint de = Nár dhein na tréan iarrachtaí a dhein sé an gnó dho.
Source
Lámhscríbhinn (Acadamh Ríoga na hÉireann): M055 Cnuasach Focal ó Mhúscraí (Ó Buachalla)
Headword
croidhe dichill
He was rowing for dear life, bhí sé ag rámhaíocht ar a chroí díchill.
Source
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Headword
life
gaois.ie