Gaois

gíog ná míog (as)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

gíog, míog

Cur síos

Gan chorraí, gan fothram nó ghleo.

Samplaí corpais

  • Déin, a Pheig, agus bain an chluas díom má bhíon gíocs ná míocs as aoinne againn.

  • Nuair thuit an tsail sa loch do stealladh an t-uisge sa spéir agus do baineadh a leithéid sin de gheit as na froganaibh gur shádhadar iad féin d'aon tsádh amháin síos ins a' draoíbh a bhí i mbun an locha, agus ná raibh gíocs ná míocs asta go ceann abhfad.

  • Chonaic sé nár chuireas-sa giócs 'ná míocs asam nuair a rugadh ar chrománaibh orm. Dar leis ní raibh blúire eagla orm.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Crostagairtí

Samplaí breise