Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ceo a thógáil dá chroí
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: ceo, croí, tóg
Cur síos:
Croí, meanma an duine a ardú.
Samplaí corpais
Bhí nídh agam tamall ó shoin a thógadh an ceó dem' chroidhe, agus is le crónán a dheineadh sé é. Thagadh an ceó ar mo chroidhe go minic agus go trom. Annsan do déintí an crónán dom, agus do thógadh an crónán san an ceó dem' chroidhe.
Foinse
Guaire I, II
Leathanach
155
Sa n-am 'n-a mbíodh a dritháir agus Amhlaoibh ag teacht ó mhainistir Ínse Cathaigh go tigh a h-athar bhí sí seacht mbliana déag, agus deirtí go dtógfadh sé an ceó de chroídhe dhuine feuchaint uirthi, bhí a sgéimh chómh h-áluinn sin.
Foinse
Niamh
Leathanach
27
Ní raibh aon bhuidhean ag teacht sa tslígh ar bhuídhin eile, 'ná oiread agus aon duine amháin ag teacht sa tslígh ar dhuine eile. Thógfadh sé an ceó de d' chroídhe bheith ag féuchaint ortha ag gluaiseacht chómh breágh, chómh daingean, chómh stuama.
Foinse
Sgothbhualadh I, II
Leathanach
7
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: dearcadh.
Samplaí breise
2. Bhí ceo ar a croí, her heart was clouded with sorrow.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
ceo
gaois.ie