dá bhfaigheadh sé Éire (ar)
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Gníomh nach ndéanfar riamh, is cuma cén spreagadh a gheofar.
Samplaí corpais
B'é crích an sgéil é go dtáinig oiread san sgannra ar Chonn roimis an sprid úd ná feacaidh sé riamh, ná leigfeadh eagla dhó an Bóthar Leathan a ghabháil tar éis na h-oídhche a thuitim, dá bhfaghadh sé Éire air.
Chuir sé chun éirighthe ach do theip air éirghe. Dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé éirghe. D'iomloisg sé é féin ar an mbóthar cúpla uair, a d'iarraidh teacht ar a bhonnaibh.
Gormfhlaith agus Niamh isiad a bhí ann. Ó! Míle fáilte rómhat, a rígh! arsa Gormfhlaith go soilbhir. Is fada na feacamair thu, ar sisé, agus shín sí a lámh chuige agus gáire 'n-a snua. Do rug sé ar an láimh, ach dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé focal do labhairt.
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Samplaí breise
1. (b) Dá bhfaigheadh sé an domhan mór, if he were to gain the whole world.
Dá bhfuigheadh sé Éire ní fhéadfadh sé, etc., were he to get Ireland he could not, etc.