Gaois

gan poll ná póirse a fhágáil gan chuardach

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

póirse, poll, cuardaigh, fág

Cur síos

Gach uile áit.

Samplaí corpais

  • Má creachadh mé i n-ainim an rígh nach é is lúgha is gann do'n rígh cead agus congnamh agus caoi do thabhairt dom ar an mbitheamhnach d'leanmhaint agus d'fhiadhach chun go mbeiread air? Ní fhágfad poll ná póirse i n-Éirinn gan cuardach dó. Beir i láthair an rígh mé, ar sise.

  • An fhaid a bhí Don Cíochóté ag éisteacht le caint an aodhaire, do cheap sé i n'aigne féin go raghadh sé ag cuardach an fhir bhuile agus ná fágfadh sé poll ná póirse gan cuardach dó.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Crostagairtí

Samplaí breise