Gaois

bob a bhualadh (ar)

Fíornath

Ceannfhocail

bob, buail

Cur síos

Cleas a imirt ar dhuine.

Samplaí corpais

  • "Mura mbéadh mé 'ghá bhfeiscint ag déanamh chómh dána ar thigh Dhiarmuda Léith ní bhuailfidís an bob san orm." "Siní an chaint!" arsa duine eile, agus fearg 'na ghlór. "Do buaileadh an bob céadna orm-sa, agus mura mbéadh Diarmuid Liath agus Sadhbh ní buailfí!" "Tuille 'n donas chun Diarmuda," arsa Séadna, "nár fheuch roimis. D'fhágadar beó bocht é féin agus Sadhbh."

  • Tadhg: Ní cúrsaí tuisgiona 'ná neamh-thuisgiona é, a Dhonchadh, ach cúrsaí an ruda a thaithnean le duine. Ní'l aoinne gur b' usa bob a bhualadh air 'ná an t-é go dtaithnean an bob leis. Ní'l aon fhonn ar mhuíntir Shasana ceart do chur i bhfeidhm do Chaitilicithibh na h-Éirean i gcoinnibh an "Ghairisiúin."

  • "Bhí fhios aige cá raibh an chailís i gcoimeád, agus bhí fhios aige cá raibh an eochair, agus bhí fhios aige cé r' bh' é an gabha a dhein an eochair. Is iongantach an bob a bhuail sé ort, a Mheargaigh!" ar seisean, ag cur sgeartadh gáire as.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 124

Samplaí breise