Gaois

taibhreamh na súl oscailte

Fíornath

Ceannfhocail

oscail, súil, taibhreamh

Cur síos

An taibhreamh mar réaltacht.

Samplaí corpais

  • D'fheuch Diarmuid air idir an dá shúil. Níor staon Micil. Dá bhfaghadh Diarmuid Éire air ní fheudfadh sé a dhéanamh amach cia ' cu fírinne nó éitheach bhí ag Micil d'á innsint. Do stad sé ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire dúbhairt sé: Tá eagal orm, a Mhicil, gur bh'é taidhreamh na súl n-osgalta agat é. Dómhaise go deimhin, arsa Micil, siné díreach an sgeul.

  • Do taidhbhrigheadh aréir dom go bhfeaca ár i ndiaidh mór-chatha. Na mílte corp agus gan aon bhraon fola leó. Is eagal liom go ndéanfaidh an oidhche seo taidhbhreamh na súl osgalta de m' thaidhbhreamh! An tríomhad F. - Seo! seo! Beidh sé 'na thaidhbhreamh súl osgalta agat féin agus ag an gcuid eile againn láithreach má fhanaimíd annso puinn eile aimsire.

  • Thagadh sé 'n-a thaibhreamh chúgham. Chídhinn buachailí agus cailíní ag teacht ó Bhaile Mhúirne agus ó Bhéal-ath -an-Ghaothraig agus aniar ó Uíbhráthach agus iad ag gluaiseacht isteach ins na dúthaibh Béarla agus sgoileana d'á gcur ar bun acu agus aon gheóin amháin Gaeluinne ar siúbhal ar fuid na h-Éirean go léir ó Dhonchadh Díghe go Tigh Máire. Donchadh: Ba bhreágh an taibhreamh é. Is truagh gan é 'n-a thaibhreamh súl osgalta againn. Dá mbeadh, níor bhaoghal do'n Ghaeluinn.

Samplaí breise