Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
aghaidh na muc agus na madraí a thabhairt (ar)
Fíornath
Ceannfhocail: aghaidh, muc, madra, tabhair
Cur síos:
Íde béil; aghaidh a chraois a thabhairt ar dhuine.
Samplaí corpais
Nuair a bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda d'airigheas Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na muc agus na madraí aici d'á thabhairt ar chómharsain éigin.
Foinse
Séadna
Leathanach
82
Siúd amach í agus dhírigh sí ortha. Thug sí aghaidh na muc a's na madraí ar Shéadna airís mar nár labhair sé i n-am, sul a raibh a cuid airgid imthighthe ag an Síogaidhe úd.
Foinse
Séadna
Leathanach
146
Ansan thug sí aghaidh na muc a's na madraí ar an dtíncéir, mar gheall ar bheith ag magadh fúithi.
Foinse
Séadna
Leathanach
146
Crostagairtí
aghaidh bhéil a thabhairt (ar)
Samplaí breise
thug sé íde na muc is na madraí orm, he treated me like a pig or a dog, i.e. he abused and scolded me severly
Foinse
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Ceannfhocal
íde
Thug sé dhó ó thalamh é. Thug sé íde na muc is na madraí air. Thug sé aghaidh béile dó. Do labhair sé go feargach agus go faobhrach leis. Níor fhág sé thoir ná thiar é.
Foinse
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Leathanach
28
Íde na muc is na madraí a thabhairt: drochbhail thabhairt do dhuine: bail na muc.
Foinse
Lán-chúrsa na Gaeilge (Ó Riain 1952)
Leathanach
43
gaois.ie