troscadh an chait cheannfinn
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Troscadh bréagach; teanga liom leat.
Samplaí corpais
B’fhéidir é. Ach ní mholaim iad, mar dhaoine gan náire. Is fearr go mór a thiocfadh sé dhó a bheul d’éisteacht, agus gan bheith ag déanamh trosgaidh an chait cheann-fhinn ar an mbitheamhantas.
Is dócha, a phobul, ná fuil aoinne agaibh nár airigh go minic an seanfhocal úd "Trosgadh an chait cheannfhinn; "Ithim feóil ach ní ólaim bainne." "B'é trosgadh an chait cheann-fhinn é ag na Iúdaigh i dtaobh na Sabbóide, nó, mar a deirimíd-ne, i dtaobh na saoire.
Ní chuireadh ithe na feóla aon chlóic ar a choinsias. Bhí cait cheann-fhionna ar na Iúdaigh go tiugh an uair sin. Táid cait cheannfhionna le fághail fós, leis, sa tsaoghal. Tá an bhean, cuir i gcás, ná leigfeadh a coinsias di snáithín do chur i snáthaid agus poll cnaipe do dheisiúghadh maidean Domhnaigh, agus ná cuirfeadh sé aon bhuairt ar a coinsias bheith ag cúlchaint ar chómharsain éigin, fan bhóthair, agus í ag dul go dtí an t-Aifrean.
Samplaí breise
Ag déanamh trosgaidh an chait cheann-fhinn, doing the abstinence of the white-headed cat. "Trosgadh an chait cheann-fhinn: ithim feóil agus ní olaim bainne," "The white-headed cat's abstinence: I eat meat but I do not drink milk"; said of a person who expresses very righteous views as a cloak to his own wrong-doing.
Bhíodar ana dhian ar fad ar aon rud a dhéanfadh, dar leó, an tsaoire do bhriseadh, agus 'n-a dhiaigh san a's eile, dheinidís brúsgar de dhlígh Dé ar shlightibh ba dhíobhálaighe go mór 'ná briseadh saoire. Díreach ar nós an chait cheann-fhinn. Bhí an cat ceannfhionn ana choinsiasach i dtaobh bainne dh'ól le h-eagla go mbrisfeadh sé an trosgadh. Ach i dtaobh na feóla, sgéal eile ar fad ab eadh an fheóil. Ní chuireadh ithe na feóla aon chlóic ar a choinsias. Bhí cait cheann-fhionna ar na Iúdaigh go tiugh an uair sin. Táid cait cheannfhionna le fághail fós, leis, sa tsaoghal.
Trosgadh an chait cheannfinn - ithim feoil a's ní bhlaisim bhainne = Go dtógfadh sé (duine) rud a bheadh coisgithe air a's ná bacfadh sé le rud go mbeadh flúirse dhe ann a's go mbeadh fáilte roimis na thaobh.
troscadh an chait cheannainn d'íosadh sí feoil is ní ólfadh sí bainne, the white-headed cat's fast, eating meat and abstaining from milk (prov.)
Troscadh an chait cheannainn – d'íosfadh sé feoil ach ní ólfadh sé bainne. Agus ar ndóigh nuair a bheadh a dhóthain feola ite aige ba bheag air an bainne.
Troscadh an chait cheannfhinn ab eadh é. Trosgadh bréige ab eadh é. Ní raibh sé dáiríribh.
Troscadh an chait cheannfinn: d'íosadh sí feoil is ní ólfadh sí bainne: is ait an troscadh é ag cat: troscadh bréagach atá i gceist.