Gaois

ní fheadar cos leis cad a dhéanfaidh lámh leis

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

cos, lámh, feadair

Cur síos

A bheith trína chéile; mearbhall a bheith ar dhuine.

Samplaí corpais

  • Cáit: - Fágaim le h-uadhacht, a Shíle, go bhfuil an ceart agat. Ní fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh liom, agus ní fheadar féin cad a dhéanfaidh cos ná lámh liom. Dá bhfeicfeá é, a Shíle, bhéadh árd-chion agat air. Tá oiread-san ceana agam-sa air gur dóigh liom go n-íosfad é!

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Míniú breise

  • Ní féidir leí a hagne a dhéanamh suas, dithering, doddering.
  • Ní féidir leis a aigne a dhéanamh suas.
  • Tá sí trína chéile buartha, bhí mearbhall uirthi.
  • Meascaithe/trína chéile.

Samplaí breise