Gaois

gan (aon) chos de an áit a fhágáil

Leathnath

Ceannfhocail

aon, áit, cos, fág

Cur síos

Gan chorraí.

Samplaí corpais

  • "Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom an áit seo go dtagaidh sí amach," ar seisean. "Agus deirim rud eile leat, agus creid uaim é, nach gádh dhuit bheith ag caitheamh do bhalcaisí dhíot nuair ná pósfaidh Séadna thú.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Míniú breise

  • Níor chorraigh sé, ní chorródh as an áit seo.
  • Ní bhogfaidh se ón áit.
  • He didn't leave the place.