Gaois

ionadh a chroí

Leathnath

Ceannfhocail

croí, ionadh

Cur síos

An-iontas ar dhuine.

Samplaí corpais

  • Bhí iongna a chroidhe ar an Rómhánach nuair a chonaic sé an seasamh a dhein na sagairt sin, gach sagart acu ag déanamh na h-ídhbirte go breágh réidh stuama go dtí gur thuit sé le buille ' chlaidheamh ó láimh Rómhánaigh nú ó láimh Iúdaígh de'n aicme eile.

  • Nuair a tháinig Atenóbius go dtí Ierúsalem leis an dteachtaireacht san do chonaic sé uaisleacht na catharach, agus an tabhairt amach ríoga a bhí ar Shímon, agus a ghradam, agus an armáil a bhí 'n-a thímpal, agus bhí iongna a chroidhe air.

  • Bhí iongnadh a chroidhe ar Ghuaire nuair a chonnaic sé na sméara breághtha móra ciardhubha, agus an driseóg ag lúbadh go talamh fútha, bhíodar chómh trom san.

Úsáid

Is féidir comhpháirt amháin (ionadh) den nath seo a idirmhalartú le roinnt ainmfhocal eile: eagla, grá, neart, searc.

Samplaí breise