Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
ag briseadh a chroí (1)
Nath fáthchiallach
Ceannfhocail: croí, bris
Cur síos:
Áibhéil chun treise an mhothúcháin a léiriú.
Samplaí corpais
Tháinig an cailín bocht abhaile ag triall ar Ghuaire, agus í ag briseadh a croidhe ag gol.
Foinse
Guaire I, II
Leathanach
135
As san do léimeadar go léir 'n-a seasamh agus chasadar an dá ologón déag agus iad ag bualadh na mbas agus ag briseadh a gcroidhe ag gol agus gach aon bhúirth acu, Ó-ó-ch-och-och-och!
Foinse
Lughaidh Mac Con
Leathanach
10
Déanfaidh an duine sin úsáid mhaith de'n tsaidhbhreas an fhaid is toil le Dia é fhágáilt 'n-a chúram air, agus má's toil le Dia é thógáilt uaidh ní bheidh sé ag briseadh a chroídhe 'n-a dhiaigh.
Foinse
Seanmóin agus Trí Fichid I
Leathanach
25
Samplaí breise
He was laughing fit to kill himself, bhí sé ag briseadh a chroí ag gáire.
Foinse
English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe 1959)
Ceannfhocal
kill
Bhí sé ag briseadh a chroidhe ag gáiridhe. bhí sé ina na stárthaibh ag gáiridhe. ba mhór an seó na gáirí a bhí aige.
Foinse
Cortha Cainnte na Gaedhilge (Mac Sithigh 1940)
Leathanach
8
gaois.ie