D' fheuch an bheirt ins na súilibh ar a chéile ar feadh tamaill. "Is tú an diabhal!" arsa Séadna, fé dheire. "Ní bhainfeadh an diabhal féin an bhearna dhíot-sa!" arsa 'n Fear Dubh. "Cheapas go gcuirfeadh an t-airgead amú' thú. Is anamh duine a gheibhean é ná déinean aimhleas dó féin agus b' fhéidir d' á lán eile, mar gheall air.