Gaois

teaspach dearg

Leathnath

Ceannfhocail

teaspach, dearg

Cur síos

Duine lán le fuinneamh; duine spleodrach.

Samplaí corpais

  • Is dócha gur eól duit an sean fhocal: "Teasbach dearg nó fíor-riactanas an dá nídh is fearr chun duine cur ar aimhleas."

  • Is maith a rud teasbach dearg chun duine chur ar a aimhleas, agus is maith an rud fíor-riachtanas chun duine chur ar a aimhleas, ach tá rud is fearr chuige 'ná aon taobh acu, 'sé sin grádh, nó caradas, nó ionmhuine.

Úsáid

Cuireann 'dearg' béim bhreise ar an nath.

Samplaí breise