lúb ar lár
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Dearmad nó easnamh.
Samplaí corpais
Nuair a fuaradar go léir go raibh sé 'na shuídhe agus ag teacht chuige féin go tiugh, agus a chaint aige, go h-áluinn agus go bríoghmhar, agus gan lóipín ná lúb ar lár ar a chiall ná ar a mheabhair.
Déin an cur i bhfeidhm feasda i dtreó ná féadhfidh an namhaid is gunta aon lúb ar lár fhághail ad' ghnó 'ná aon pholl fhághail lastiar díot chun an éithigh a chur isteach ad' choinnibh.
D'á bhrígh sin níor bh'fholáir dóibh cómhacht a dh'fhághail ó'n Slánuightheóir chun na h-oibre dhéanamh. Níor fhág an Slánuightheóir, moladh go deó leis, aon lúb ar lár sa sgéal. Thug sé dhóibh an chómhacht. Chuir sé a anál fútha. Glacaidh an Spioraid Naomh, ar seisean leó.
Úsáid
Is féidir comhpháirt amháin (lúb) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: lóipín
Samplaí breise
1. (a) Tá lúb ar lár san argóint, there is a defect in the argument.
lúb ar lár, a defect, a flaw or weak-point
There is some mistake, tá lúb ar lár in áit éigin
1. Flaw in a scheme, lúb ar lár i scéim
Lúb ar lár is gearr go mbeidh ina pholl. Le cniotáil, agus le gnóthaí eile chomh maith.