Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
an ceann is measa den scéal
Leathnath
Ceannfhocail: ceann, olc, scéal
Cur síos:
An chuid nó an taobh is measa den scéal; díogha ruda.
Samplaí corpais
"Gan rath ortha mar chathaoir agus mar mhealbhóig agus mar chrann ubhall! Is breagh na trí neithe do loiteadh indiú orm d'á mbárr," arsa Séadna. "Ní h-é sin an ceann is measa de'n sgeul," arsa 'n Fear Dubh.
Foinse
Séadna
Leathanach
15
“Ní hé sin an ceann is measa de’n sgéal, dá olcas é. Tá ní eile ar aigne ag ár namhaid i dtaobh na síothchána so. Is bíodhbha báis Sasana ag rí na Spáinne.
Foinse
Aodh Ruadh (Cuid I)
Leathanach
113
An locht san air! Fágtar ann í. Bris na geasa. Sgaoil an sluagh soir thar an áth d' aimhdheóin na ngeas agus feiceam cé aige go mbeidh an ceann is measa de'n sgéal!
Foinse
Táin Bó Cuailnge 'na Dhráma
Leathanach
73
Samplaí breise
2. (d) (Figurative) Tá dhá cheann ar an scéal, there are two sides to the story.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
ceann
cuirim ceann ar an scéal, I finish the story;
Foinse
Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Dinneen 1927)
Ceannfhocal
ceann
gaois.ie