Gaois

soir siar

Fíornath

Ceannfhocail

siar, soir

Cur síos

Scaipeadh ruda i ngach aon treo; deireadh a chur le rud.

Samplaí corpais

  • Agus dá bhfeiceadh sé beirt i riocht tuitim amach le chéile, bhéadh an fhearg soir siar agus bhéidís ag gáirídhe sul a mbéadh dhá fhocal cainte déanta aige eatartha.

  • Bhíodh cosg curtha aici le droch obair go minic sar a'm bíodh uain ag an ndroch obair ar theacht, agus an droch obair a bhíodh tagaithe, is minic a bhíodh sé curtha ar neamhnídh aici, curtha soir siar aici, sar a'm bíodh uain aige ar aon díobháil a dhéanamh, nó sar a'm bíodh uain aige ar phuinn díobhála dhéanamh.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 95

  • Do dheabhrochadh an sgéal gur chuir na h-oibreacha san go léir, go mór mór na daingeana láidire, gur chuireadar an t-eirighe amach soir siar as aigne na ndaoine. Pé'r domhan é ní'l aon trácht sa tseanachas ar aon eirighe amach i gcaitheamh an dá bhliain déag san.

Crostagairtí

Samplaí breise