na píobáin a bhaint (as)
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Ag troid go fíochmhar.
Samplaí corpais
Nuair a bhí Cormac ag dul isteach sa chóiste chaith sé mám mion-airgid imeasg na mbacach. Ba dhóich leat go mbainfidís na píopáin as a chéile a d'iaraidh teacht ar an airgead. An fhaid a bhíodar ag sgríobáil agus ag brúth agus ag únfairt a chéile do ghluais an cóiste.
Ansan is eadh dh'fhéadfadh sluagh Gall teacht ortha agus gach aon chongnamh a thabhairt dóibh chun bpíopán a bhaint as a chéile. Ansan is eadh bheadh an sgéal ar a dtoil ag daoine de shaghas Bhiongon agus Sior Seón.
Crostagairtí
Míniú breise
- "Tear each other asunder"
- Dhéanfaidís ao' rud chun teacht air (airgead).
- Go ngortódís a chéille, go ngoinfidís a chéille (sean nath cainnte é seo).
- Ag stracadh na muineál ag troid, bruíon.
- Scata ag brú agus ag sáthadh agus ag stracadh (gach duine ag iarraidh an rud (m.sh. sliotar i gcluiche) a fháil do féinig. Contending.