Gaois

crith cos agus lámh

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

cos, lámh, crith

Cur síos

Scanradh nó an-fhaitíos.

Samplaí corpais

  • Ní dóich liom go bhfeadair sí cad a bhainean le heagla. An rud a chuirfeadh eagla agus crith chos agus lámh ar mhnaoi eile is amhlaidh a chruadhan sé í agus chuirean sé fuinneamh inti.

  • Ansan do thógadar a gceann agus d' fhéuchadar ar na bitheamhnaigh. Isé nádúr an bhitheamnaigh go dtagan crith chos a's lámh air chómh luath agus a chídhtear é ag déanamh an bhitheamhantais.

  • Go h-oban, agus gan blúire coinne acu leis, do phreab chúcha isteach buidhean lucht airim, agus do gabhadh 'n-a bprísúnachaibh a raibh sa tseómra. Do ghluais an tuairisg sin ar fuaid na h-Éirean. Tháinig crith chos agus lámh ar a lán de mhuíntir an Land League.

Crostagairtí

Samplaí breise