Gaois

tásc ná tuairisc

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

tásc, tuairisc

Cur síos

Gan rian de rud nó de dhuine.

Samplaí corpais

  • Má shiúbhluighdar ní bhfuaradar tásg ná tuairisg ar Mhárséla. Shiubhluighdar cnocáin agus coillte agus gleannta eile mór-thimcheall, agus b'é an sgéal ceadna acu é.

  • Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaídhe an Luain ann.

  • Nuair a tháinig an lá ní raibh tásg ná tuairisg ar aon cheann desna capaillibh. Do cuarduigheadh ins gach aon bhall mór-thimcheall na dúthcha i gcian agus i gcomhgar. Ní raibh aon mhaith ann.

Úsáid

Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.

Crostagairtí

Samplaí breise