Gaois

craiceann na caorach

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

caora, craiceann

Cur síos

Duine a ligean air gur duine cineálta é ach bíonn rún mioscaise aige.

Samplaí corpais

  • D'órduigh an Slánuightheóir dúinn iad go léir do sheachaint, gan aon teangabháil a bheith againn leó, gur machtírí craosacha iad. Go bhfeuchaid siad ana mhacánta, i gcroicean na caorach, ach go bhfuil na fiacala acu, agus mura gcoimeádaimíd uatha amach go gcuirfid siad na fiacala go daingean ionainn lá éigin.

  • Tá a phort san seinnte nách mór. Ní baoghal dúinn plaoisg bhearrtha Chromeil. Tá, gan amhras, raint de'n aigne sin beó fós agus croicean na caorach uirthi, agus an croicean ana thanaidhe.

  • An t-é go bhfuil an focal fóghanta aige os cómhair an tsaoghail, agus ansan, an gníomh fill a gan fhios do'n tsaoghal, siné an droch chrann. Siné an machtíre i gcroicean na caorach.

Úsáid

Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.

Samplaí breise