Gaois

cor in aghaidh an chaim a thabhairt (do)

Fíornath

Ceannfhocail

cam, cor, tabhair

Cur síos

Slat dá thomhas féin a thabhairt.

Samplaí corpais

  • Cheap sé an éagcóir a dhéanamh ar an asal agus thug an t-asal "cor i n-aghaidh an chaim" dó.

  • Ní'l againn ach cor i n-aghaidh an chaim a thabhairt do Dhubhthach. Ná leog aon ní ort le haoinne beó ach cruinnigh a bhfuil oireamhnach chuige de d' mhuintir agus déanfad-sa an rud céadna agus sleamhnuighimís amach agus luighimís i n-aice phubail Chú Chulainn go bhfeicimíd cad a thuitfidh amach.

  • Sar a raibh fhios acu cad a bhí chucha bhí greim daingean aige ar dheichneabhar agus dachad acu agus chuir sé an uile dhuine acu chun báis. Sin mar a fuaradar san "cor i n-aghaidh an chaim."

Samplaí breise

  • Cor, a twist, a state. Tabhair do rogha cor dóibh, give them your choice turn, i.e. give them whatever treatment you like. Féach an cor atá orm, look at the state of me. The fundamental meaning is a turn, a bend, a twist. Its secondary meanings are various and numerous; e.g. cor cainnte, a turn of expression; cor iomrasgála, a bout of wrestling; cor i n-aghaidh an chaim, a clever trick to meet a clever trick, or, as it is said in English, "the biter bitten."

  • Bíodh cor i n-aghaidh an chaim agat. Nuair a dhéanfar feall, nó cleas a dh'imirt ort, déin-se an rud céadna leis an nduine a dhéineann é. Bí maith do dhóthain dó. Ná leig leis a chuid cleas.