Gaois

gol an gháire

Leathnath

Ceannfhocail

gáire, gol

Cur síos

Gáire a ndíolfar as sa todhchaí.

Samplaí corpais

  • Ach "gol an gháire," na pianta a thagann ó thoil a thabhairt dos na mianaibh sin, siniad na neithe a chuireann fhiachaint ar dhaoine fuath a thabhairt do'n tsaoghal agus gráin a bheith acu air.

  • Droch-chómharsanacht is eadh bheith ag magadh agus ag fonomhaid fé dhaoine. Ní raibh an rath riamh ar a leithéid. Ná dein-se indiu gáire nách ceart duit a dhéanamh, le heagla go ndéanfá gol an gháire sin amárach.

  • Bhíodar ag gáiridhe nuair a bhíodar ag imtheacht agus mo chléibhín acu. Do réir an fhuadair atá fé Ó Conchubhair anois measaim nách fada go mbeidh gol an gháire sin acu.

Míniú breise

  • Díol as an spórt - beidh brón ort dá bharr "fileann an feall." Hoist on your own petard.
  • Go bhfillfeadh sé air féin.
  • Ní cóir bheith ag magadh fé dhaoine.
  • Ní fada ón ngáire an gol, leanann gol gáire.
  • Toradh an gháire, d'iompódh cúrsaí amáireach agus bheadh ábhar goil agat.
  • An té a bhíonn ag gairí agus ag magadh fé dhuine tá baol ann go mbeidh sé féin ag gol le brón amaireach.
  • Úsáidtear an nath seo, an gáire, as taitneamh agus toil a bhaint as droch-mhianta an t-saoil agus, an gol, as na pianta, an féin-locht agus an dochar a leanann é.

Samplaí breise