Gaois

bior ar a chluais

Leathnath

Ceannfhocail

bior, cluas

Cur síos

Éisteacht ghéar a dhéanamh.

Samplaí corpais

  • Nuair a bhí gach aon rud socair aige agus an chuideachta ag éisteacht leis agus bior ar chluais gach aoinne do tharraig sé amach an leitir a fuair sé ó'n Róimh, ó Achme, agus do léigh sé í go breágh soiléir.

  • Beirean sé greim docht orm, agus eagla na laincisí air fós, agus má airighean sé fothram fuipe tagan bior ar a dhá chluais.

Úsáid

Cuireann 'dá' béim bhreise ar an nath.

Crostagairtí

Samplaí breise