Léim go dtí an príomhábhar
BAILIÚCHÁN NATHANNA AN ATHAR PEADARLiosta nathannaFoinsí corpaisFoinsí breiseEolas
airgead fola
Leathnath
Ceannfhocail: airgead, fuil
Cur síos:
Airgead a íocann na húdaráis, nó duine eile, mar chúiteamh leis an té a ghabhann coirpeach nó duine ar a theitheadh ó fhórsaí an dlí.
Samplaí corpais
Bhíodh sé ansúd 'n-a measg, sáidhte ins gach cómhairle leó ba dhiamhaire agus ba dhisgréidíghe 'ná 'chéile; a n-ainimneacha go léir curtha síos go Baile Átha Cliath aige agus fiacha a gcod' fola geallta dhó, agus a lán de'n airgead fola 'n-a phóca aige an uair sin féin!
Foinse
Mo Sgéal Féin
Leathanach
118
B' fhéidir go mbéarfí ort agus go gcurfí isteach i n-asílium tú ar feadh tamail. Ní baoghal go dtuillfadh aoinne airgead fola ort. Donchadh: Ní baoghal. Agus rud eile, ní baoghal go ndéanfinn aon tairbhthe d' Éirinn ná aon díobháil do chómhacht Shasana i n-Éirinn.
Foinse
Sgothbhualadh I, II
Leathanach
169
An t-é a labhair ar an gcuma san, i gcómhnuíghe riamh, isé a thóg airgead na fola chómh luath agus tháinig an t-am chuige. Agus an tarbh úd adúbhart, is tapaidh a rithfadh sé leis féin dá mbéadh tarbh ba threise 'ná é i n-inead na túrtóige.
Foinse
Sgothbhualadh I, II
Leathanach
165
Samplaí breise
2. airgead fola, blood-money.
Foinse
Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977)
Ceannfhocal
airgead
Airgead fola: (blood money). Airgead a fhaightear as duine a dhíol.
Foinse
Foclóir agus nótaí do "Mo Scéal Féin" a scríobh an tAthair Peadar Ó Laoghaire (Ó hAodha 1970)
Leathanach
52
gaois.ie