Gaois

buille faoi thuairim

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

buille, tuairim

Cur síos

Crann tomhais.

Samplaí corpais

  • Fuil agus ionathar daoine, agus cuirp 'na srathanaibh, do chur ar áthaibh agus ar bhántaibh, ar mhaghaibh agus ar bhearnaibh, ó Shionainn go hEamhain Mhacha! Ní raibh ach buille fé thuairim ann nuair a dubhart leis an eachlach mara dtugtaí an tarbh ar ais go mbéarfaí ar éigin é.

  • An chainnt sin agat 'á rádh anois tá sí d'á caitheamh amach agat do réir buille fé thuairim. Ní'l bac orainn í ghreamú ar a lán, agus brígh fé leith a bhaint aisti fé mar a dh'oireamhnfidh sí duine fé leith.

  • Ba ghnáth leis an rígh nuair a bhíodh caint ar siubhal idir é féin agus na hÉireannaigh ag imirt na gcluichí fithchille dhóibh nó ag comhrádh dhóibh ar neithibh coitchiana, ceist do chaitheamh amach ar ócáidíbh, i bhfuirm buille fé thuairim, ' gá fhiafraighe cad é an saghas catha cath Chinn Abhrad; nó cér bh'iad na maithe móra a bhí sa chath nó cér bh'iad a thuit sa chath; nó ce'cu b' fhearr d' fhear, Lughaidh Mac Con nó Eóghan Mór. Ba ghnáth leis a lán ceistiúcháin de'n tsórd san a dhéanamh.

Samplaí breise