Gaois

mac máthar

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

mac, máthair

Cur síos

Oiread is duine amháin.

Samplaí corpais

  • Tugaidh an faobhar dóibh. Gabhaidh do chosaibh ionta! Ní h-é an chéad uair agaibh é. Ná téidheadh aon mhac máthar acu beó uaibh. Ná cuiridh suim 'n-a gcótaibh iarainn.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 321

  • Ansan d'eirigh fear d'ár bh'ainm Sambrí i gcoinnibh Ela agus mhairbh sé é agus ghaibh sé chuige féin an rígheacht agus chómh luath agus bhí sé 'n-a rí do dhein an íde chéadna ar shliocht Bhaasa a dhein Baasa ar shliocht Ierobóam. Níor fhág sé mac máthar acu gan marbhú.

  • Tabharfad-sa olc ort agus déanfad íde ar do shliocht. Ní fágfar mac máthar acu beó. Déanfad do theaghlach ar nós teaghlaigh Ierobóaim mhic Nabait, agus ar nós teaghlaigh Baasa mhic Ahias, mar gheall ar a bhfuil déanta agat, ag gríosadh m'fheirge agus ag cur Israéil suas chun an pheaca dhéanamh.

Crostagairtí

Samplaí breise