Gaois

scamall an bháis

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

bás, scamall

Cur síos

Clóca duaircis ar áit.

Samplaí corpais

  • Sgaoil liom tamall beag, go ndeinead mo bhuairt d'éagcaoine, sar a n-imthighead chun na h-áite atá dorcha, clúdaithe le sgamall an bháis. Cad é is mó atá agat le h-iarraidh ar an bpeacach atá ciontach, mí-fhortiúnach, ach go n-úmhlóchadh sé é féin agus go ndéanfadh sé aithrighe?

  • Ansan bhí "talamh Shabuloin agus talamh Nephtalí" agus "Gaililí na Geinte," 'sé sin, an talamh lastoir de'n abhainn as ar tógadh chun siubhail an chéad chuid de chlainn Israéil, bhíodar "fé dhorchadas agus fé sgamall an bháis."

  • Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte: Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d'eirigh solus do'n mhuintir a bhí suidhte sa n-áit ar a raibh sgamall an bháis.

Míniú breise

  • Clócha duaircis ar an áit.
  • Rud dorcha - de ghnáth droch rud.
  • Dú-bhrón, brón, buaireamh.
  • Eagla an bháis, eagla marbhingteach/ terrible danger.