Gaois

muc ar gach mala

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

mala, muc

Cur síos

Scamh nó gruig ar éadan duine le míshásamh.

Samplaí corpais

  • D'ollamhóchaidís an biadh go h-áluinn, ach 'na dhiaigh san ní leigfidís do'n bhiadh aon tairbhe dhéanamh duit mar do loitfidís do ghoile ort nuair a chídhfeá iad, agus muc ar gach malainn acu, agus faobar ar a gcaint, agus iad ag cnáimhseáil agus ag gluaireán agus ag spriúchadh.

  • Bhí "Remember Mitchelstown!" againn níos déanaíghe 'ná san nuair a bhí cuid des na seóiníníbh beaga bréana atá sa tsráid sin le fada, ag gluaiseacht agus a gcaincíní anáirde agus muc ar gach malainn acu, agus iad ag cneadaigh agus ag séide le corp droch mheas ar an nGaeluinn agus ar an uile dhuine a bhí 'á labhairt nú 'á foghluim.

  • Bhí Dónal Buí thall agus cos a phíopa idir a fhiaclaibh aige, a cheann i n-áirde aige, agus muc ar gach malainn leis, agus uiread mo dhurainn ins gach aon chnapóig deataig a bhí aige dá thumáint amach as a bhéal,

Samplaí breise